retirement sories

Retirement Sentiments.


"Aistrithe"


Ba dhlúthchairde sinn a bhí ag rothaíocht ó Chill Airne go dtí Cúil Aodha an lá deiridh dár saoire scoile i nGaeltacht Mhúscraí.



Ba sinne na “Rock & Roll Kids”, an ghlúin sin a raibh an t-ádh leo gur rugadh iad idir deireadh an Chogaidh Dhomhanda agus teacht na mBeatles. Maireann an t-aistear sin i mo chuimhne mar mheafar ar dhóchas agus ar scarúint, ar dhúshláin agus ar aistrithe an tsaoil seo.



B’fhada uainn na tuismitheoirí agus na hoidí. Ullamh ar chiumhais an tsaoil, bhíomar uilefheasach! Bhíomar óg agus saor le linn shamhradh sin ’64 … samhradh nach dtiocfadh deireadh leis, dar linn.



Bhíomar le chéile ag gluaiseacht faoi luas le fána an chnoic i dtreo shráidbhaile Bhaile Bhuirne, uaireanta gan beann ar na troitheáin, uaireanta eile ag rothaíocht go rábach. Bhí Mullach an Ois os ár gcionn, áit a bhfuair Diarmaid agus Gráinne dídean, de réir an bhéaloidis, agus iad ag teitheadh ó fhearg Fhinn Mhic Cumhaill.



Chasamar ar dheis ag Droichead an Mhuilinn trasna abhainn ghlórach an tSulláin. Mol an droicead agus tu ag dul thairis. Cúil Aodha 2½ mhíle a dúradh ar an gcomhartha. Bhíomar beagnach ann.



Bhraitheamar faoi phribhléid go rabhamar ag caitheamh cuid éigin de bhlianta ár n-óige faoin tuath. Go rabhamar ag feiscint slí beatha a bhí ag athrú, fiú amháin an tráth sin. Is cuimhin liom an t-éirí croí nuair a chonac den chead uair, coiníní agus sionnaigh – agus broc tráthnóna amháin!



Chonaiceamar cuinneoga a bhí ag cur thar maoil le bainne te cúrach, gaibhne ag bualadh na hinneonach agus an tuíodóir ag fíodóireacht go cruthaitheach le coll, sail agus tuí … ní hé lá na gaoithe lá na scolb! Chonaiceamar an bainteoir móna ag gearradh spadalach mona.



“Fear ag glanadh cre De ghímseán spáide, Sa gciúnas shéimh, I mbrothall lae, Binn an fhuaim”



Bhí crainn áille dhúchasacha anseo is ansiúd sa tírdhreach timpeall orainn. Bhí an Bráthair Uinseann tar éis iad a ainmniú dúinn … cuileann, coll, fuinseog, saileach agus an bheith gheal. Lean an bóthar caol cúng cúrsa an tSulláin. Éist le fuaim na habhann agus gheobhair breac a deir an seanfhocal – bíodh foighne agat! Comhairle mhaith d’fhir óga a bhfuil deabhadh orthu! Ba mhoille ag rothaíocht anois sinn, agus sinn gafa lenár gcuid smaointe féin. Dá bhinn an béal a labhair riamh, is binne ina thost anseo.



Bhraitheas ciúnas an tráthnóna, cumhrán agus radhairc na tuaithe. Bhí fuaim m’anála féin níos ciúine anois. Bhraitheas mo ghéaga tuirseacha, buillí mo chroí féin. Go háirithe, bhraitheas rithim agus comhsheabhrán na dtrí rothar, iad tagtha le chéile mar aon fhuaim amháin. Cé nach raibh aon ní á rá, dá óige mé thuigeas gur nóiméad speisialta a bhí ansin. Is deimhin liom gur bhraith mo chairde an rud céanna.



Ba san áit dhraíochtach seo a bhíomar, an oíche dheiridh dár samhradh deiridh le chéile. Theastaigh uaim go mairfeadh an bhraistint sin toisc, d’ainneoin goic na hóige a bheith orainn, nach uilefheasach a bhíomar. Bhraitheamar éislinneach roimh chora crua an tsaoil. Ni feidir ceann crionna a chur ar cholainn oig,agus is iomai craiceann a chuireann an oige dhi. An mbeimis maith ár ndóthain?



Dé bhur mbeatha go Cúil Aodha, a dúirt an comhartha. Ba ag cúltroitheánacht a bhíos anois. Glac bog leis an saol agus glacfaidh an saol bog leat. Theastaigh uaim fad a bhaint as na móimintí sin. Bhíos ag súil le gloine fhionnuar de bhainne úr uachtarúil agus greim aráin briosc sóide ó Mháirín Mhic an tSaoi, bean an tí. Bhíos ag súil go mbeadh Mairéad agus Billy fós ina ndúiseacht. Seans nach bhfeicfinn arís iad.



Ní bheadh aon slí don mhaoithneachas maidin amárach agus sinn ag dul ar bord ár mbusanna féin chun aghaidh a thabhairt ar an mbaile. Bhíomar ullamh anois chun ár gcinniúint a chur i gcrích. Bhí an oiread sin againn le bheith ag súil leis – aois na hoige aois na gloire. Ach nach bhféadfaimis a bheith inár mbuachaillí oíche amháin eile? Theastaigh uaimse rud éigin a rá, ach go tobann thosnaigh Seán ag canadh, faoi mar a rith sé leis an teannas a bhriseadh ... Óró, sé do bheatha abhaile … Anois, táimid ag brú ár rothar go mall faoi ualach tuirse suas an cnoc crochta i dtreo an bhungaló aoldaite a bhí mar bhaile againn le ceithre sheachtain roimhe sin. Ba léir ar na rothair eile a bhí fágtha lasmuigh den teach go raibh roinnt buachaillí bailithe le chéile as tithe na gcomharsan le haghaidh oíche amháin deiridh de chraic mhór!



D’fhéachas ar mo chompánaigh. Theastaigh uaim a rá leo: ‘Fainic, a bhuachaillí. Bainigí ardtaitneamh as an uain seo .. mar is radharc é seo a bheidh in bhur n-aigne sna blianta atá romhaibh … triúr cairde scoile … sona sásta le chéile an oíche dheiridh acu i gCúil Aodha.



I hope you enjoyed this story. Please share your Retirement Stories and Anecdotes! Everyone loves a great story and a super anecdote or two!







Stay in touch and subscribe to my monthly email newsletter, "Retirement Stories". It is full of new stories and tips on planning for and enjoying an active retirement.

Subscribe Now..
Email

Name

Then

Don't worry -- your e-mail address is totally secure.
I promise to use it only to send you Retirement Stories.



Back from Retirement Stories: Aistrithe to Retirement Sentiments





Back to Homepage.




Follow retirementstory on Twitter






New! Comments

Have your say about what you just read! Leave me a comment in the box below.



Retirement-Stories.com Copyright © 2008-2012.